Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Leathanach 224
- XML “Dómhnall agus an Lutharacán”
- XML “Filíocht do Chum Sean Ó Séaghdha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimsire rugadh mac do Dómhnal agus nuair do bhíodar chun é bhaiste d'fhiafruig Dómhnal den Lotharacán cad é an ainm a thabharaidís air. Tabhair Labhrás buighe gréineach air ar sa an Lotharacán. Bhí an bhean thíos sa leabhaidh agus chualaidh sí ag cainnt iad. Cad é sin ar siubhal agaibh ar sise. Is amhlaidh fhiafruigheas don Lotharacán cad é an ainm a thabharaimís ar an leanbh ar sa Dómhnal. Agus cad dubhairt sé ar sa an bhean. Dubhairt sé Labhrás buighe gréineach a thabhairt air ar sa Dómhnal. Dá mbéinn-se am suidhe ar sa an bhean do cuirinn tú féin agus an Lotharacán amach i doras i n ainm i diabhail agus i deamhain. Sin é a bhí on Lotharacán agus rith sé an doras amach agus bheir sé leis an próca óir agus neacfhaidh Dómhnal ná a bhean é féin ná an tór ó shoin.
- Air maidin dé Luain is mé ag smaoineamh air choríbh is air cúrsaidhe a tsaoghail
Is air nithe na feadfhinn se innsint na duine is aoirde léighean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sean Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann