School: Baile 'n Sceilg (B.)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán P. Ó Súilliobháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Page 185
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)poinnte Bhéara do scaoil sé an dara snaidhm ag sin é an uair a bhí an bád ag déanamh an siúbhal buile tríd an bhfairrge . Nuair do bhíodar lár bhagha isteach dubhairt Tadhg leis an bhfear a bhí i n,aonfheacht leis go scaoilfheadh sé an triomhadh snaidhm agus seisean leis gan bac leis go raighdís sa ghóilín. Nuair do bhíodar ag gábhail an góilín isteach do scaoil sé triomhadh snaidhm. Do shéid stoirm mhór agus do briseadh an bád agus is le téad a shaoradh Tadhg agus an fear a bhí in aonfheacht leis. As san amach ní fheacaidh Dhia ná duine Thadg i gCorcaigh.
- Bhí báile ann fadó agus do bhí sé ag siubhal an bhóthair nuair do bhuail an diabhal leis . Do bhíodar ag siubhal leó is ag cainnt le na chéile ar fead tamall, go bhfeacadar bó i ngarraidhe chabáiste. Do rith fear amach as tig agus dubhairt sé. Ó mbeiridhigh an diabhal leis tú mar bó tá mo cabáiste go léir itte agat. Ó arsa an Báile tóg leat an bó san . Ní fheadainn é arsa an diabhal mar ní ó na chroidhe a dubhairt sé é. Do bhailigheadar ortha airís agus do chonnacadar tig ar thaobh an bhóthair . Do rith garsún(continues on next page)
- Informant
- Mícheál Mac Cártha
- Gender
- Male
- Address
- Liatroim, Co. an Chláir