School: Baile 'n Sceilg (B.)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán P. Ó Súilliobháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)glaodhac uirthi mar go raibh beagán gnó aige di . Tháinig sí ag triall air go dtá an seómra. Dubhairt sé leí imtheacht go dtí tig an sagart paróiste agus leabhar beag áirithe a bhí aige fághailt uaidh. D'imigh an cailín agus thug sé leí an leabhar. Nuair a fuair sé an leabhar d'éirigh sé na sheasamh agus bhuail sé an stóil i leith ar a mhuineál . Do shiubhal sé anuas ón seomra go dtí an chistin agus thosnuig sé ag leigheadthóireacht. Nuair a bhí stair maith léighte aige do sheasaimh sé sa doras agus chuir sé fead as. D'iompuig sé isteach arís agus thosnuig sé air léigead. I gceann scaithibh maith eile cuaidh sé sa doras agus chuir sé fead as. D'fhill sé thar n-ais agus thosnuig sé ag ag léighead. Cuaid sé sa doras arís agus chuir sé an tríomhad feas as le na linn sin cualadar an fothram agus an fuirse ag shlabhraí agus iarnaí a bhí i n-acrann den seana mhinistir a bhí ag déanamh ar an dtig. D'fhiafraigh an sagart de cá raibh sé ar an gcead fead . Bhíos thíos i n Ifreann arsa an ministir. Cá rabhais ag an tarna fead arsa an sagart. Bhíos im scaoilead féin ar mo dhícheall arsa an ministir.Cá rabhais ag an dtríomhad fead arsa an sagart. Bhíos ag déanamh ort ar an doras arsa an ministir. Sin é t-athair agat anois agus ní maith an feiste atá ag teacht air agus bí féin ag fágailt cuntas uadh. Nuair a a chonnaic an mac an t-athair tháinig crith cosa is(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Address
- An Com, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Com, Co. Chiarraí