School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 164
- XML “Domhnall na Raolach”
- XML “Conchubharach Éireamhon”
- XML “Rann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhailig: Conchubhar Ó Drisceóil, Cnochán-na-mBáirneach
- Do chuaid Conchubharach Éireamhon go Corchaig uair, agus ar a theacht abhaile dho, do thuit an oidhche ar an mbhóthar air agus do chuaidh sé isteach go tig a bhí ar thaobh an bhóthair ag lorg lóisdín. Tig beannuighthe i bheadh é. Ní raibh isthigh ann acht seana-bhean. Do bhí sí dabhall. Dúbhairt sí leis gábhail amach as an dtig nó go gchuireadh a mach amach é nuair a thiochfadh sé abhaile. I gchíonn tamhaill beag tháínig an mach abhaile agus bullán ar a dhrom aige agus greimh ar an dhá chois díreach anáirde ar a gúallain aige. Do chait sí i lár i tíghe é nuair a tháinig sé isteach. Annsan do féuch sé mór tímcheall ar féin. Do chonnaich sé Concubhar ina shuidhe ar fuairma. Do chuir sé béich mór as agus d'fíarfhaigh sé do cadh a thug annsan é. Dúbhairt Conchubharach go gchaithfeadh sé é d'fágháilt isthig go lá. Annsan do rug sé ar Conchubharach chun é do chaitheamh amach acht do chaith Conchubharach é féin taobh amuig do'n doras. Is é ar thaobh amuig do'n doras sé adúbhairt sé "Is tú an díabhall nó is tú Concúbharach Éireamhón. Annsan do fhan Concubharach istigh go lá, agus nuair a tháinig solus a 'laé d'imthig sé leis abhaile. Dubharadh leis gan ínnsint d'aoinne cá'r chaith sé an oidhche.
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.