Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)

Suíomh:
Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Risteárd Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí óir i bhfolach
    Sgéal 1
    Deirtear go bhfuil bosea óir curtha in aice Sliabh Móir in áit ar a tugtar Poll a' Choiligh. Bean do chur ann é. Níl fhios ag aoinne cár chomnuigheadh sí, ach Deireann na sean daoine gurbh amhlaidh a bhí na lochlannaigh ag faire uirthi cun an t-ór do thógant uaithe. Poll a' Choiligh is eadh an áit a chuir sí an t-ór, agus do fhág sí fear gorm i mbun an churte. Uaireanta fadó chídheadh an fear san in a shuide in aice an phuill. Aoinne a raghadh ann cun an t-ór d'fhágail, b'éigin do dhá coinneal bheith ar lasadh aige. Muna mbeadh coinnleacha san bheith aige, ní n-éireóchadh an turas leis. Deirtear go bhfuil an cuid is mó de'n ór san áit sin fós agus ní féidir le haon duine é do fhághail.
    Sgéal 2
    Maidir leis an ór a bhí curtha san oileán seo fadó deirtear go bhfuil próca óír curtha ag mnaoi éigin timcheall Trágha Eoin Mhóir. Do Thadhbhraigh fear oidhche amháin go raibh sé curtha in aice cloiche móire. Ar maidin nuair chuaidh sé ann bhí an pháirc lán de chaoirigh. Chuir san scannradh ar an bhfear, mar ní raibh aon chaoirigh ar an oileán an uair sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge