Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)
- Suíomh:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Risteárd Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
- XML Leathanach 230
- XML “Seacheirdeanna”
- XML “An Drochshaol”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí ceathrar clann deag 'na gcómhnuidhe san Dúna, agus sé an ceard a bhí acu ná ag déanamh báid.Dheinidís báid cun dul go Sasana Nuadh agus tháinig gach rud a bhí ann ó Inis Arcáin. Dheinadh na daoine na téadracha, na seolta, agus an obair iarainn. Ins na báid a deineadh annso, bhíodh na fir agus an captaoin ó Inis Arcáin leis.
- Bailitheoir
- Cecelia Ní Chonchúbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann na Coise, Co. Chorcaí
- Ins an Droch-Saoghal nuair a bhí na prátaí bainte ag na feirmeoirí, théigheadh na daoine ag rómhar arís ag lorg aon prataí a bhí ins an talamh. Ar an am cheadhna tógadh na Protastúnaigh anairthe go dtí na daoine ocracha agus tugad síad go dtí na Caitealach é dá n-iompóchaidís óna gcreideamh. Bhí níos mó na míle duine ar an oilean an t-am sin, ach níor thóg aon duine aca an anairthe. Bhí tighanairthe ( soup house ) in aice mo thig-se.
- (1) " Tráig an Tobar " is eadh an ainm atá ar tráig i naice mo thig-se, mar tá tobar innte.(2) " Tráigh na Cloiche " is eadh tráig i naice " Tráigh an Tobar ", agus tá an ainm sin air mar tá sé lán de chlocha(3) " Point an Iascaire " iseadh point i naice Tráigh na Bráithre agus tá an ainm sin air ma bhíodh na fir fadó ag iascaireacht ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)