Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)
- Suíomh:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Risteárd Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá 'le BrighdeNí ceart d'aon duine treabhadh an lá sin. Bhí fear ag treabhadh annso fadó lá 'le Brighde agus caitheadh crúistín leis. Chuir fear éigin eile acra cruithineachtan agus níor bhain sé ach leath-mhála as.
Lá BealtaineTugann na daoine planndaí glasa isteach in a dtighthe cun an Samhradh do bhreith leo lá Bealtaine. Téigheann na daoine annso go dtí "Tobar an Ghabha" (an tobar beanuighthe) atá ar an oileán an lá sin leis.
Oidhche SamhnaSé an nós a bhíonn acu an oidhche sin ná cnó agus ubhla a bheith ag na daoine óga. Cuireann siad ubhall i dtubán uisge agus bíonn gach duine ag iarraidh breith ortha le'n a mbéil.
Oidhche Cinn BliadhnaTéigheann na buachaillí mór timcheall go dtí na tighthe go mór mór na tighthe feirmeóirí agus goideann siad tuighe. Annsan nuair a bhíonn beart mór den tuighe acu lasann siad é cun an sean-bhliain do dhóigheadh amach agus an nua-bhliain do dhóigheadh isteach.(leanann ar an chéad leathanach eile)