Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí taoiseac 'na cómhnuidhe idir Ros agus Léim. Geannan a bhainm do Glaodhtar Dun Geannan ar an áit sin anois. Bhí inghean amháin aige darbh ainm dí Clíodhna. Lá amháin bhí sí ag snámh i gCúan Ruis, agus do bádhadh ann í, annsan chuaidh sí chun cómhnuidhthe mar bhean sidhe go carraigh atá in 'Abha na h-Inse' áit go nglaodhtar Carraig Clíodna air anois.Bhí Rí in Éirinn darbh ainm do Séumas agus bhí aon mhach amháin aige. Séan a bhainm do agus b'é an fear ba bhreaghtha ar domhan é. 'San am céadna bhí Rí i nGréig agus bhí inghean aige agus b'í an cailín ba bhreaghtha a bhí sa domhan. Núair a chúala sí trácht ar Shéain fuair sí cead ó 'na muinntir teacht go h-Éirinn cun é d'fheiscint. Núair a tháinig sí go h-Éirinn do chonnaich sí Séan, agus do thuit sí i nGrádh leis agus do pósadh an bheirt aca. Is ar mhuin capaill cúadhar go dtí an Seipéal agus núair a bhíodar ag teacht abhaile do fuair an capall barra-thuisle, agus do thuit an bheirt aca ar an dtalamh. Thuit an cailín i laige agus núair a tháinig sí cúiche féin ní raibh aon tásc no tuairisc de Séan le feiscint. Bhí sí an-thrí na céile agus ceap sí gur chuaidh sé abhaile. D'imigh sí léi abhaile agus ní raibh aon tuairisc le fághail in aon áit. Bhí an lion tighe an-bhrónach ar feadh na h-oidhche, agus maidin lá ar na bhárac(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sighle Ní Donnabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus O Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Dúinín, Co. Chorcaí