Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 015](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0274%2FCBES_0274_015.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 015
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-duine thoir i mBaile ’n Calaidh fadó – Dómhnall Pheadair a tugtí air. Bhí seana-chapall aige agus “Rabbin” a thugadh sé air. Bhíodh an capall thoir ar an gcnoc, agus is annamh a bheireadh sé air, ach b’fhéidir uair sa mhí. Nuair a bheireadh sé ar an gcapall théigheadh sé anáirde ar a mhuin agus shiubhlaigheadh an capall abhaile go breágh ciúin go dtí go dtagadh sé go geata a bhí inaice an tighe. Nuair a thagadh sé chómh fada san thugaidh sé aon sweep[?] amháin tímpal agus chuireadh sé de soir fé dhéin an chnuic arís ar cos anáirde.
An lá so áirighte nuair a bhí sé in aice an bhaile, do chas an capall ar a shál go h-obann agus soir fé dhéin na faille leis. B’éigin do Dhómhnall bocht a dhá láimh a chur timcheall ar mhuineál an chapaill nó thuitfeadh sé anuas. Soir an bóthar leis an mbeirt agus a chroidhe ’na bhéal ag Domhnall. Bhuail cúpla iasgaire leis a bhí a teacht abhaile, agus do bhéic sé ortha –(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Connchubhar Ó Duinneacha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí