Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí an Mhaighdean Mhuire a siubhal roimpi fadó agus ár dTighearna in aonfacht léi, do chuadar isteach i dtig oidhche amháin. Do dhein bean ’a tighe leabaidh dóibh ar an úrlár agus colg a chuir sí fútha. Níor thaithn san len a fear in ao’ chor agus dubhairt sé leabaidh eile do chur fútha –
leabhaidh de thuighe, ach ní dhéanfadh sí san. Chaith ár dTighearna agus a mháthair dul a chodladh ar an gcolg agus i rith na h-oídhche buaileadh an fear breoidhte agus bhí sé go donnaidhe – bhí sé a fagháil bháis.D’éirigheadar ar maidin – ár dTighearna agus a Mháthair – agus d’imthigheadar ortha a siubhal arís agus nuar a bhíodar tamall ó’n dtig dubhairt sí leis gur mhór an truagh an fear a bheith a fagháil bháis agus teacht agus é shaoradh – gur mhór a truagh ar fad é bheith a fagháil bháis, go raibh a’ fear go maith. Thug sé (ár dTighearna) an t-eiteach di, ná tiocfadh, ach do lean sí air, agus sa deireadh thánadar araon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí