Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)
- Suíomh:
- Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
- XML Leathanach 053
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó in aimsear an Ghorta do bhí alán daoine on áit seo curtha as a gcuid talmhan. Bhí fear in a chómhnuidhe i nGabhlán, timcheall cúig míle ó thuaidh ó Bhailechaisleáin, agus nuair a chuala sé go raibh na máishistiri talmhan ag teacht chuige, do thóg sé gach rud a bhí ins an tig amach. Nuair ná raibh istig sa tig ach na ceithre fallaí, thosnuig sé ag tarraingt dribe isteach. Nuair a bhí úrlár an tighe clúdaithe leis an ndraoíb, aige, do dhortuig sé cúpla buicéad uisge ar a bhárr. D'oscail sé na dóirse ansann agus chuaidh an clann go léir amach sa chlós. Nuair a tháinig na máighistirí talmhan go dtí an tig, d'fheachadar isteach agus dubhradar narbh fiú é do thógaint.
Pádraig Ó Seanacháin ab' ainm dho'n bhfear san, agus chuaidh sé isteach i dtig nuadh in a dhiaidh san. Nuair a thagadh na máighistiri talmhan mar sin, cun na daoine do chur as a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na hAoraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnacadha Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Na hAoraí, Co. Chorcaí