Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)
- Suíomh:
- Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
- XML Leathanach 044
- XML “Daoine Láidre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SiúbhalaidheDo bhí máthair mo sheanathar in a cómhnúidhe i Leach inaiche na h-Aodhrai fadó. Sígle Bhean Uí Dhuinn abh ainm dí, agus bhí sí ana mhór agus láidir. Chúaidh sí go dtí Beanntráighe lá, Domhnach ab eadh é, agus thánaig sí abhaile an tráthnóna céadna. Tá Beanntraíghe tríochadh sa seacht míle ó Leach, agus mar sin, bhí an turas go léir 74 míle.
Do bhí áinthin dom mháthair in a cómhnuidhe i Dríneach fadó [?] Máire Bean Uí Ghraidhin ab ainm dí. Bhí sí go h-ana maith cun rudaí troma d'iomchur. Théigheadh sí timpeal ceithre míle go dtí na Barraibh gach blían, agus thugadh sí ciseán mhor de mhóin abhaile gach lá ar a druím go dtí go mbeadh an mhóin go léir abhaile aice.- Bailitheoir
- Nora Ní Dhúinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na hAoraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dúinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na hAoraí, Co. Chorcaí