Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 269
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh an dá lá déag de Nodhlag na saoire fadó agus lastaí coinnle gach oidhche dhiobh.
Deireann cuid de’s na daoine go dtuiteann lá crosta na bliadhna ar an tríomhadh lá i ndiaidh lá Nodhlag. Ní thosnuightar aon ghnó an lá san ná ní aistirítear isteach go tig nua. Ní cuireadh na daoine fadó an luath amach Céadaoin na Luaithe. Níor mhaith leó aon bhearra a dheanamh Dé Luain, "Bearra an Luain" a ghlaodhtar air. Bíodh cuid maith scioláin geárta ag daoine fadó chun iad a shádh Aoine an Cheastha mar deiridís go fásidís sin gan aon dabht.
B’é an céad rud a dheinidís maidin la, 'le Pádruig ná dul amach agus slat saillidhe a ghearra agus á thabhairt isteach Do dhóighidis a bharra sa teine agus annsan thúmidís in uisge é. Dheinidís cros ar ghualainn gach aoinn leis an gcipín seo. Dheineadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí