Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 458](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0279%2FCBES_0279_458.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 458
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe cínn tuighe a bhíodh tímcheall na h-áite seo fadó. Do gheibhtí an díon sa chnoc agus na spars sa choill.
Deintí na tighthe seo cois falla nó chnocán nó in áit éigint fothaineamhail.
Bhíodh leabaidh na sean daoine cois na teine sa chistin agus suidheacán ar a aghaidh amach ar an dtaobh eile. Bhíodh bloc mór ar an úrlár ar faidh na leapthan cois na teine chun suidhe air Is minic a bhíodh re leabaidh ar lochta na sean tighthe do pháistí. Ní bhíodh acht siminé amháin ins gach tig agus bhíodh san i bpinntúr éigint de. Ní bhíodh ach dorus amháin ins gach tig acu. Dá mbheadh dhá dhorus i dtig dúntí ceann acu le clocha agus mairtaol. Bhíodh dóirse maithe ins na tighthe acu ach ní bhíodh acht scairt ar cró na mbó. Bhíodh dhá fhuinneóg gloile i bfurmhór na sean tighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí