Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 310](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0279%2FCBES_0279_310.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 310
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar beannuithe i gCuradh Dubh tobair a Bheannacha a glaodhtar ar. Téigheann daoine ag tabhairt triuis ar an dtobar seo ar an cúigiú lá fichead de mhí na Bealtheine. Téigheann siad mórthímcheall an tobair ag paidireóireacht agus annsan deireann siad an chóróinn Mhuire taobh leis an dtobar. Nuair a bhíonn siad chun dul abhaile fágann siad cómhra éigint na ndhiaidh sé sin cuid da gcuid gruaige no píosa dá n-eadaighe nó [?]cnaipe nó pingin. Nuair a téigheann na daoine ag tabhairt truis ar loch Dheire an Chairn is tímcheall carraig mór atá ar thaobh an locha a bhíonn siad ag paidireóireacht. Ar dtúis piocann siad naoi púróiginí beaga ar an mbothar lasmuigh de pháirc 'a locha. Annsan téígheann siad mórthímcheall an carraig seo agus iad ag rádh na paidreacha so an Phaidir an tAvé Maria agus Glóire. Annsan caitheann siad ceann de's na púróiginí uatha. Deineann siad an turus so naoi n-uaire. Téigheann siad síos go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí