Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 228
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deir na seana daoine go bfuil cistí óir i bfolac i morán áit sa paroiste agus ná fuair aon daoine riamh é. Do bhí fear ann fadó bacac do beadh é. Do bhíodh se ag dul ó thig go thig ag lorg déirce agus is beag tig ná tugadh rud éigin dó. Nuair a bhí se ana aosta do bhí mála mór oir aige ní raib clann ná cáirde aige cun an airgead do tabhairt dóibh.
Lá amain d'iarr se rán ar duine i ngleann-loc cun an mála óir do cur san dtalamh. Tugadh an rán dó agus d'imthig sé leis Dubairt se go gcuirdfeadh se an saidbhris in áit éigin sa baile. An maidin in adiadh sin do fuaradh an rán ina seasamh i bpairc. Do cuaidh na daoine sa baile ar lorg an tsaidbhris ach ní fuaradar é. Do deineadar phairc do threabhadh le súil go bfaghadh síad an t-ór.
Lá fadó do bhí bean ann do bhí sí saidbhir i gan fhios. Ní raibh fios aice cad a deanfadh sí leis an airgeadh. Dein sí é do cur ar cliatán an cnuic agus bí solus mar garda cosanta .
Bí beirt fear ag aedoireact caoirig lá connacadar an saoilse Bhí fios aca go raibh saidbris i dtaigce ann. Cuadar go dtí an áit. Bhíodar ag lorg an t-saidhbhris agus roinnedar idir an mbeirt é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann