School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in aiche an tobar agus ón am san amac téigheann daoíne ann cun paidreaca do rádh. Is ar an cúighmheadh la ficid de Mí na Bealtaine a téigheann síad ann. Deirtear gurab é Mucada a cuir cómhact éigin ins an dtobar sin mar go bfeadfadh daoíne do leighis leis an uisge atá istig ann.
- Tá alán tobair beannuighthe ins an paroiste seo act sé an ceann is calleamhla ná an tobar beannuighthe athá tuas i gCruatha. Deirtear gurab é Mocuda Naomhtha a cuir comhact éigin ann. Tobar beag iseadh é act tá pluais mór in a aice agus deirtear gur comnuídhe Mocuda Naomhtha ins an pluais sin. Tá dhá leac móra ag deanamh stuadh ós a chionn. Is ar an cuigmeadh lá ficid dé Mí na Bealtaine a téigheann na daoíne ann cun paidreaca do rádh nó cun dul timceall an tobar nó má bhíonn aon aon galar cuirp ortha deintear íad féin do níghe ins an uisge cun leighis éigin d'fhághail. Deir cuid de na daoine gur caith Naomh Finnbarra tréimhse in aice an tobair(continues on next page)
- Collector
- Cáit P. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female