Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 239
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as mo radharc táim cráidhthe agat. Deirig sé agus níor fheuc sé i dtreó 'na láimhe deise ná i dtreo na láimhe clé act d'imtig abhaile. Núair a srois se an tigín d'osgail sé an doras.
connaic se rud mór bán 'na sheasamh i láir an urláir. Dubhairt an fear a tháinig isteach leis an bfear eile, "Cad tá uait" dubhairt sé "Cun tú do marbúghadh, agus ars an fear eile "Connus is feidir leat mé do mharbhúghadh" "Le haon buille mo claidheamh ar seiseann. Annsan thosnuig an beirt aca ag troid. Do cuir an fear a bhí istig an fear eile taobh amuigh de'n doras agus bí an tíghe aige sin, sin mar a raibh an sgeal. - Bhí bean ann fadó agus is i Mass-mount a bhí cómhnuídhe uirthi. Bean ana cródha abeadh í agus ní bíodh eagla uirthi roimh na pucaí coídhche. Oídhche amháin bhí a fear imtighthe siós an bóthar go h-Eadargóil. Ní raibh éinne sa tig leis an mnaoí agus bfada leí an oídhche agus bhí imshníomh uirthi. Sa deire cuaidh sí amac sa doras agus connaic sí an solas ag spréacarnaig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Concúbhair