Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mó áit atá le tasbáint dúinn go raibh fotarach ann úair amháin. Tá ceann tamall óm tigh seo agus ceann ana uaigneach iseadh é. Aon duine a gabhadh tar an áit tar-éis tuitim na h-oidhce geibheadh se bás. Do bhí cáilín beag timceall a deich bliadhain d'aois drefiúr do máthair mo atar-se do beadh í. Bí sí ag piochadh cró agus connach sí seana-bean in a suidhe in aice an lios Bhí an cáilín ag faire ar an bean agus cuaidh sí as an áit agus an cáilín ag faire uirte agus ní feaca sí í. Cuaidh an cáilín abhaile agus ní fada do mhair sí tar-éis dul abhaile dí.
    Tá cúpla rath gur fiú tracht ortha sa paróiste. Tá ceann aca i Gleann Loch. Tá se ann ó bhí na Tuatha Dí Danann in Éirinn ní le aoinne é. Deineadh iaracht ar é leagadh ach ní leagadh é. Ní féidir é do leagadh. Tá rath éile i Dromleab is mó duine a deineadh uaigneach ann agus iadh ag teacht abhaile ó aonach nó ó aon áit in a bidis. Do bhí garsún ag teacht abhaile ó aonach connach se fear ann dubhairt an fear leis aire do tabairt don rath mar is ann do marbuigeadh é in aimsear na crudtan in Éirinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann