School: Carraig an Ime (roll number 4457)
- Location:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Luasa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus greasaide dob eadh é agus bhí tig deas cluthmhar comhórdach aige. Bhí sé pósta cé go raibh sé bocht. Bhí saoghal suairch, subháilceach aige. Dheineadh sé bróga maithe is bíodh sé ag obair moch déanach; ach chuaidh an saoghal in-a choinnibh, agus lá amháin dubhairt sé lé na mhnaoí ná raibh de leathair aca ach dóithin peidhre bróg a dhéanamh. "Níl leigheas air" arsa bhean, "ach is goire cabhair Dé ná an dorus." "Gearrfadh an leathair so ibh fuirm is igcóir, déanfaimid ár bpaidreaca agus ragaimíd a chodladh," arsa an gréasaide. Deineadar amhlaidh. Nuair éirigheadar ar maidin bhí iongnadh a gcroidhe orthu, mar bhí peidhre breág brógar an mbórd. Bhíodar déanta cómh slachtmhar san go ndubairt an gréasaidhe, tar éis iad do iniuchad go mhaith.
"Dar mo choinsias ach ní haon chabléir a dhein iad so." Níorb fada go dtáinig cúistiméir isteach. Thaitn na bróga leis is ceannuig sé iad. Ceannuig an Greasaide leathair(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí
- Informant
- Owen Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí