School: Bárdínse (roll number 12399)
- Location:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Teacher: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bárdínse
- XML Page 098
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh aon bhóthar ar an mbaile an t-am san. Ní raibh acu ach casáin agus ní raibh aon trácht an uair sin ar thrucail ná cruib ach dá mbeadh féin ní fhéadfaidís taisteal ar na casáin. Is amhlaidh a chuiridís srathar fhada ar dhrom an chapaill agus chuiridís ciseáin anuas ar an srathar fhada agus is leó san a thairrigídís na huallaí B'é Diarmuid fé ndéar an an céad bóthar a dhéanamh isteach san Ínse-Mhór.
Níl puinn sean-daoine ar an mbaile anois. Níl ach aon duine amháin atá ós cionn seachtmhogha bliain agus Conchúbhar Ó Síothcháin is ainm dó agus tá an Ghaedhilg go pras líomhtha aige. In iarthar an bhaile atá sé 'na chómhnuidhe agus is é an ainm a tugtaí ar an áit fadó ná an 'clochán'. Deirtear gur san áit sin a bhí an chéad bothán ag an reachtaire a bhí 'na chómhnuidhe ar(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Luasa
- Gender
- Female
- Address
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí
- Informant
- Diarmuid Ó hÉalaighthe
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí