Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níos caoile ná an chéad chuid agus deineann sé iad d'fhíghe ar gach sáidhteán agus tugtar an chéad bhuinne ar an méid sin nó an buinne béil. Geibheann sé tuilleadh slat annsan agus comáineann sé leis mar sin á bhfighe ar a chéile agus cuireann sé suas buinne eile. Bíonn sé a chaolú leis annsan go dtí go mbíonn sé trítroighthe go leith ar aoirde. Cuireann sé an bhuinne dheireanach suas sé sin buinne na cóna.
Bíonn cúpla troig nó mar sin de's na sáidhteáin spártha na dhiaidh san agus casann sé ar a chéile iad agus fígheann sé ar a chéile iad agus bíonn an ciseán críochnuighthe. Tógann sé aníos as an bhfráma an chiseán agus geárann sé na féasóga de's na sáidhteáin. Geibheann sé féar nó tuighe agus deineann sé dhá iomchar agus ceangaluigheann sé de'n chiseán iad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Luasa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó hÉalaighthe
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí