Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 136
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó, agus bhí buachaill aimsire aici. Lá amháin do thaisbeáin sí obair do. Nuair a bhí sé ag dul chun na h-oibre ghaibh sé tímcheall ana mhór. Annsan nuair a bhí sé ag teacht chun an dínnéara do tháinig sé an cómhgar. Chonnaic an bhean é agus d'fhiafruig sí dho cad na thaobh nár ghaibh sé an cómhgar chun na h-oibre agus dubhairt sé gur airig sé nárbh fhéidir an sean-fhocal do shárúgadh - "An cómhgar chun an bídh, is an tímceall chun na h-oibre." Tamall 'na dhiaidh sin thug sí fé ndeara ná baineadh sé dhe a chasóg in aon chor nuair a bhíodh sé ag obair sa pháirc ach nuair a thiocfhadh sé isteach chun dínnéara bhaineadh sé de é i gcómhnuidhe. Nuair a bhíodh na fir eile ag cur alluis ní bhíodh aon allus air agus an casóg air. Nuair a tháinig sé isteach chun dínnéara lá amháin chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí