Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Seanráite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ní deanaighe an fhoghluim aon uair"
    …………………………..
    Ní bailígheann cloch ratha connlach.
    …………………………..
    "Ná leig do shúil thar do chuid"
    …………………………..
    "Rud ná bíonn leigheas air, foighne is feárr do."
    …………………………..
    "Ní thuigeann an sáthach an seanng"
    …………………………..
    "Is fuiriste croiceann do chur ar laogh óg"
    …………………………..
    "Aithnígheann ciaróg, ciaróg eile"
    …………………………..
    "Is minic a bhí rath ar mhall-thriallach
    …………………………..
    "An té a chuireann roimis a ghnó a dheanamh le 'na theanghain mar shuaimneas dá chnámha, ní bheireann an mhin ar an meadhg aige, agus ní fheicfhidh sé choidhche cruach ar an sparán"
    …………………………..
    "Ná seasaimh ar dhroichead ag comhrádh le h-aoinne mar isé crích an drochid tuitim uair éigin."
    …………………………..
    "Cad a dhéanfhadh mac a' chait ach luch a mharbhúghadh"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí