Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean na chómhnaidhe thall ansan ag an Gaortha. Do caileadh a fhear agus ba gearr na dhiaidh san gur caileadh an bó a bhí aiche, agus ní raibh ach aon bó amháin aici. Dubhairt cuid des na cómharsain go mb'fhearra di gan an croicheann a bhaint di in-aonchoir ach í go léir a fhágaint le chéile agus í a chuir síos sa talamh mar b'féidir gur b'é a fhear a thóg leis í.
Do cuireadar síos sa talamh í agus bhíodh sí ana bhrónach ansan in dhiaidh a fir agus in diaidh na bó agus do thabharfhadh na cómharsain braon bainne di agus cabhruighdís leí ins gach tslíghe. Bhí alán lín aiche agus ní raibh a fhios aice cad a dheanfhadh sí leis an lín mar cheap sí ná féadhfhadh sí é a shníomh go brách leis an mbrón agus leis an mbuairt.
Do bhuail cúiche isteach lá beanín náraibh ró-mhór, "sniomhad an lín duit más maith leat" air sise "an bfuileann tú go maith cun(leanann ar an chéad leathanach eile)