Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 056
- XML “An Fear Láidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na cómhnuidhe i bparóiste [?] - na Dromann tímpeall leath chead bliain ó shoin agus sé an ainm a bhí air ná Pádruig Ó Murchad fear ana láidir a b'eadh é bhí ceann agus cnámh aige cómh láidir le capall.
Cuir sé bórd á dheanamh i siunéir a bhí i mághchromdha agus d'iarr an suinéir air cad é an saghas bórd a dheanfhadh sé dho agus dubhairt sé leis ceann a dheanamh ná bhéarfhadh sé leis na bheal.
Do bhí go maith agus nuair a bhí an bórd deanta chuir sé sceal cuige teacht á iarraidh tháinig sé go Mághcromdha agus d'iarr an siunéir do "chonus a thathin an bórd leis", agus dubhairt sé "nár bh'aon trioblóid do an bórd a thabhairt go [?] - Na - Dromann na bheal" agus dubhairt an siunéir "dá dtógfhad sé an bórd na bhéal go dtabharfad sé do gan pioch é", "ambasa deánfhadh" arsa pádruig crom sé síos agus thóg sé an bórd na bhéal agus bhuail sé bóthair na sopa shíos agus d'fhág san an suinéir gan airgead.