Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 046
- XML “Scéal le Véarsa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear oibre againne fadó nuair a bhíosa na garsúinín óg ag dul air scoil, agus Tomás Bairilí a b'ainm do, agus sé an cúis go [?] sé cómh maith air. Nuair a bhíodh sé ag ithe a dhinnéir i gcómhnaidhe bhíodh sé ag cur cith aluis do agus is minic a airigeas á innsint.
Nuair a bhí sé na -h-aimsir ag tig feirmeora áirighthe, ní cuiníghim anois cad é an ainm a bhí air an bfeirmeóir, tá sé cómh fada san amach ach d'airígheas é a innsint. Bhí cailín aimsire leis agus bhí tuitim amach mór idir an cailín is é féin uair éigin agus bhí an cailín, ábaltha air suidhe cur le chéile, agus sé an sásamh a bhain sí do annsan ná na franncaig a cuir air a chóir agus sidé mar a thosnuig sí."Iarr agus acnaighe iarraim air a bfranncach a cléithe istig."(leanann ar an chéad leathanach eile)