Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ann fadó agus do bhí cúig mach aiche. Bhí duine achu ag obair i gcóir feirmeóir, lá amháin do chuaidh an mach amach agus do bhí sé ag leogaint air ná tiocfadh sé thar n-ais a thuile agus níor tháinig sé leis.
D'iarr an máthair do cad na thaobh nár chuaigh sé ag obair indiu agus dubhairt sé go gcaithead an tarna mach dul ag obair go dtí an an feirmeoir. Dubhairt an tarna mach ná raghadh sé féin ag obair go dtí an feirmeoir in-aonchoir, dubhairt an máthair leis go gcaithead sé.
Dubhairt an mach ba shine leis an triamhadh mach caitheadh tú dul má seadh nuair ná raghadh an mach eile. Dubhairt an cheathramhadh mach raghadh sé má seadh agus do thuit an truir eile marbh ar an dtalamh.
Dubhairt an máthair leo eirighe agus ná b'í ag magadh ansan ach nior eirigheadar agus do bhí ana brón ar an máthair na dhiaid.