School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 0463

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 0463

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 0463
  3. XML “Seán Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thosnuig sé ag bualadh na buachaillí agus chuadar suas an bóthar agus do bhuail rud éigin úmpa agus ní raibh a fhios acu cad é féin agus d'fhiafhruigh sé díobh cá rabhdar ag dul agus dubhradar leis "Mind your own business".
    D'imthig sé leis ansan. Ní raibh sé imighthe ró fhada in-aon-chor nuair a thainig sé thar n-ais go dtí an buachaill agus dubhairt an rud leo cad na thaobh gur bhuaileadar an buachaill, agus dubhradar go raibh brón ortha agus ná deanfaidìs a thuille é.
    D'imthig an rud síos tríd an dtalamh uatha agus do tháinig eagla ortha agus thuiteadar i laige agus d'fhanadar ansan ar feadh uair a cluig.
    Fé dheire do tháinig fear cúcha agus do dhúisig sé iad. D'fhiafhruighdear de an bhfeacha sé an rud agus dubhairt sé leó ná feacha sé an rud in-aon-chor agus do thóg an fear na buachaillí abhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóirín Ní Dhuinnín
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Informant
    Seán Ua Dhuinnín
    Gender
    Male
    Age
    42
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí