Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí Eoghan Ruadh ag staisiún lá. Do bhí an sagart ann roimis. Bhí alán cailíní deasa ann agus bhíodar ag tabhairt an breicfeast den sagart agus nuair a chonnaic Éoghan na rudaí deasa abhí ar an mbórd do dhein sé an bhéarsa seo mar gheall ar an airgead a gheibheann an sagart agus dubhairt sé mar seo:-A h-aon ó'n mbeó
Agus a dó ó'n marbh
Trí ó'n bpósadh
Agus ceathair ó'n mbaiste
Caoir-fheoil rósta agus
bagún dearg
A chuirfeadh feoil i dtóin an t-sagairt.