Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair agus bhí inghean ana dheas aige agus bhí gac aon fhear in grádh léi. Do bhíodh beirt ógánach ag teacht chun an tíghe cúcha. Tháinig fear aca i leith ach níor tháinig an fear eile in-aon-chor. B'fhearr leis an athair go bpósfadh sí an fear abhí ag teacht chun an tíghe cúcha go minic. Lá amháin do thug sé cuireadh chun dinnéir de'n uile shaghas duine.
Ansan dubhairt sé leis an inghean deoch d'ól agus sláinte an fhir a thaithn léi d'ól. Dubhairt sí mar seo:- "Ólaim do shláinte go minic id' thig
Faoí thuairim do shláinte go minic i dtig,
Is cruadh é go minic nach dtig
Is shuidheas chómh minic le minic a thig." Do phós sí an fear a bhíodh ag teacht go h-annamh agus do mhaireadar go suaimhneasach