Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chómhnuidhe i mBaile-Mhúirne uair agus 'sé an ainm a tugtaí air ná Dómhnall Mór. Bhí a bhean marbh agus bhí sé ana bhocht. Bhí triúr clainne aige, beirt mhach agus aon inghean amháin. Do phós an inghean fear saidhbhir ach ní raibh aon spré aici mar bhíodar ana bhocht.
Nuair abhí sí pósta bhí saoghal breágh aici. Bhí tig ana mhór aca. Oidhche amháin bhíodar ag dul a chodladh agus bhí duine bán istig ann agus é ag gol agus tháinig eagla ar an mnaoí agus dubhairt sí go ritheadh sí abhaile, ach dubhairt an fear gurb'é a athair féin é agus gan aon eagla a bheith uirthi.
D'imthigh an cailín léi agus ní raibh sí imthighthe ró-fhada in-aon-chor nuair a chuaidh an rud bán 'na dhiaidh. Do ghlaoidh sé uirthi agus do stop sí ar an mbóthar agus d'iompuig sí timpeall agus d'fhiafhruig sí de cad abhí air agus dubhairt sé chun fanamhaint leis. Do rith sí chómh tapaidh agus bhí 'na cosa go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóirín Ní Dhuinnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí