Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 347
- XML “An Tig Nua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí feirm ana dheas aige. Aon lá amháin do tháinig beirt daoine-uaisle ag triall ortha chun na feirme do cheannach cé nách raibh aon coinne aca go ndíolfaidís é ach do dhíoladar.
Tháinig an beirt isteach agus bhíodar ag coinne ar feadh tamaill mhaith agus ansan do thug bean a' tighe rudaí le n-ithe dhóibh agus d'itheadar é go blasta. Nuair a bhí sé ithte aca dubhairt duine des na daoine-uaisle le fear a' tíghe an ndíolfadh sé an fheirm agus dubhairt sé ná déanfadh sé é sin go deó agus níor theastaig uaidh é do dhíol ach ar ball do chuimhnig sé ar é do dhíol agus d'fhiafraig sé dí cad a thabharfadh sé dhó air agus dubhairt sé go dtabharfadh sé aon rud in-aon-chor ba mhaith leis do agus dubhairt an fear go ndíolfadh sé é ar chúig céad punt agus dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Pádruig Uí Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí