School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i iad.
Nuair a chuaidh sé sa t-sráid do bhí sé ag cur ceisteanna ar gach aoinne mar gheall ar na caoire.
Do bhí sé ann ar feadh seachtmain nó mar sin agus lá amháin bhí sé ag cainnt le fear ón dtuaith go raibh aithne aige air gur airig sé mar gheall ar na caoire agus dubhairt sé leis gur airigh sé ó na Gárdaí i mBaile-Átha-Cliath go raibh tímpeall naoi gcéad caoire suas sa Chathair agus iad ag marbhadh na daoine.
D'imthig an fear leis suas go Baile-Átha-Cliath agus do chuir sé ceisteanna ortha mar gheall ar na caoire. Dubhradar leis ná'r airígheadar táisg ná tuairisg ar aon caoire teach go dtí an Cathair.
Dubhairt sé leó go rabhadar acu agus iad a thabhairt do. Do bhíodar á bhualadh go dtí go raibh sé marbh acu. Gac aon maidin as san amach do chodail sé amach é mar do bhí fhios aige ná raibh aon grádh ag na dhaoine dho.