Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0562

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0562

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0562
  3. XML “Seán Ua Murchadha agus an Fear Beag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seomra eile agus do fuair sé bata draoidheachta ann
    Do tháinig sé anonn go dtí Seán agus thug sé buille de do Sheán agus air an nóimeat so do deineadh púcha do agus do bhí sé cómh beag leis an bhfirín mbeag féin láithreach bonn, ansan do thug an púcha bata draoidheachta do Sheán agus dubhairt sé leis go bhféadfhadh sé aon nídh a ba mhaith leis a dhéanamh as.
    Ansan do bhí árd áthas air Sheán ach nuair d'innis an púcha do ná bhféadfhadh sé dul go dtí a mháthair a thuille ní raibh aon áthas air ansan
    Dubhairt sé leis féin b'fhéidir go bhféadfhadh sé dul amach uair éigin. Nuair do bhí sé ann tímpeall bliadhain nú mar sin do chúimhnig sé air sheift do bhí an firín imigthe amach as an t-seomra, agus do bhí sé taréis dul isteach sa seomra féin d'imthig sé amach agus ní raibh sé ag déanamh aon fhothram le na chos.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Faisnéiseoir
    Bn. Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí