Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0563](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_0563.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0563
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig sé go dtí an doras do chuaidh sé amach. Do thosnuigh sé ag rith go dtí go dtáinig sé go dtí a bhaile féin.
Bhí a mháthair 'na suidhe in aice na teine Do bhí ana áthas uirthi nuair a chonnaic sí Seán airís. Ansan d'innis sé dóibh gach rud mar gheall ar an bpúca agus mar gheall ar mbata draoidheachta a thug an fearín beag do.
Dubhairt sé leis féin gur mhaith leis tig mór a dhéanamh do féin. Ansan do bhuail sé buile dá bhata dhraoidheachta ar an dtalamh agus díreach nuair abhí sé tar-éis an buille a thabhairt do, do bhí tig ana mhór déanta ann.
Ansan do chuaidh sé isteach sa tig beag agus do ghlaoidh sé ar a mháthair agus tháinig sí amach 'na dhiaidh agus do chuaidh an bheirt aca isteach sa tig mhór agus do mhaireadar ann as san amach.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí