School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uim. 17 An Feirmeoir agus Minér Do bhí fear na chómhnaidhe i mBéal Átha an Ghaorthaig fadó ferimeoir a b'eadh é.
Lá amháin do bhí sé ag dul go dtí aonach i Maghchromdha agus nuair a bhí sé ag dul go dtí an t-Áonach.
Dubhairt duine do's na páisti leis bróga nuadh a thabhairt cuige ón t-aonach. Dubhairt beirt nó triúr eile bróga nuadh a thabhairt cúcha féin leis ón t-Aonach.
Do bhí cat agus piscín sa cúinne 's dho labhair an seana cat bróga nuadh a thabhairt cuige féin leis.
Do bhí ana iongnadh air an bhfeirmeoir nuair airig sé an cat ag cainnt agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfhadh sé. Dubhairt sé leo go dtabharfhadh sé na bróga cúcha d'imthigh sé leis go Maghchromdha agus no chasash Minér air i Mághchromdha.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Thuama
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Máire Bn. Uí Thuama
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 95
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí