Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0626](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_0626.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0626
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ba dhóich leat gur leath-lagha iad do bhíodar chómh mór san.
As go brách leis an bpúca soir trí "chúil na gCailleach" agus trí "Sruth na gCarrach" agus trí "Chúil Muice". Bhí an leath-amadán ag [?] air agus 'á [?]fhiafhruighe de cá raibh sé ag dul leis.
Dubhairt an púca leis go raibh se 'á bhreith soir go dtí "Gleann an Leamháine" go raibh ana rinnce ag na daoine maithe ann agus go gcaithfeadh an leath-amadán ceol a sheint dóíbh agus go ndíolfaí go maith é.
Dubhairt an púca leis an leath-amadán an píb a ghléasadh chun go n-aireochfhadh sé é.
Dubhairt an leath-amadán leis nách raibh ach an dhá phort úd aige. Dubhairt an púca leis go gcuirfeadh sé féin ceol ann. Dubhairt an púca leis an leath-amadán greim daingean a chiméad ar a adharcha ar eagla go dtuitfeadh sé anuas.
Bhí ana dhrabhramh ag an bpúca le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Mháire Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 96
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí