Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do chuadar go dtí gach tig mór-thímpal ach do theip ortha aon airgead d'fagháil.
Do tháinig na píléirí thar-nais [?]abhaile go dtí Dómhnall agus d'ínnseadar do gur theip ortha aon airgead d'fagháil agus gur chuadar go dtí gach tig mór-thímpal na h-áite ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann.
Do bhí ana bhrón ar Dómhnall ansan indiadih an t-airgead agus do bhíodh sé gach lá agus gach oidhche ag guidhe go bfaghadh sé an t-airgead.
Oidhche amháin tímpeall seachtmhain [?]na dhiaidh san do chuaidh Dómhnall a chodhladh agus do deineadh taidhbreamh do an oidhche sin go raibh an t-airgead go léir ag Seán.
Nuair a eirig sé ar maidin do chuimhnig sé ar an taidhbreamh a bhí aige agus dubhairt sé leis féin gur dócha go raibh sé fíor in-aon-chor. Dubhairt sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85