Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0581](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0334%2FCBES_0334_0581.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0581
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raghadh sé go dtí na píléirí ar aon-chuma agus go neósadh sé dóibh é. An lá na dhiaidh san do chuaidh sé go dtí na píléirí airís.
D'innis sé dhóibh gur deineadh taidhbreamh do an oidhche roimis sin go raibh an t-airgead ag Seán an fear glic ach dubhairt na píléirí ná raibh aon bhrígh leis sin.
Ansan dubhairt Dómhnall leó gur dócha ná raibh sé fíor agus gan dul chuige in-aon-chor. Dubhairt na píléirí go raghaidís ann ar aon-chuma féachaint a gheóbhfhaidís é.
Do chuaidh Dómhnall bocht abhaile agus do bhí ana áthas air mar do cheap sé go raibh an t-airgead ag Seán agus go ngeóbhadh sé thar-nais airís é gan aon troiblóid.
Níor chuaidh na píléirí go dtí Seán ar feadh seachtmhaine na dhiaidh san agus nuair a chuadar chuige d'fhiafhruigheadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85