Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0583](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0334%2FCBES_0334_0583.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0583
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus bhí sé pósta agus bhíodar ana bhocht. Do bhí aon mhac amháin acu agus isé an ainm a bhí air ná Diarmuid.
Do bhí ana chion acu ar Dhiarmuid mar buachaill ana mhaith do b'eadh é chun oibre. Lá amháin do thug an fear bocht fé ndeara go raibh rud éigin tagaithe ar Diarmuid mar ná raibh aon chaint aige
D'fhiafhruig an fear bocht de'n mhach a raibh sé breóite agus dubhairt an mac go raibh. Do chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin agus níor chuaidh sé ag sgoruidheacht in-aon-chor mar ní raibh sé ábaltha.
Nuair a tháinig an mhaidean do bhí sé ana bhreóite agus níor eirig sé in-aon-chor an lá san. Ansan do chuaidh ráfla amach go raibh breóiteacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85