Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éigin tagaithe ar Diarmuid agus go raibh ag teip ortha é leigheas.
Do bhí bachach ag gabháilt tímpeall an uair sin agus d'airig sé go raibh Diarmuid breóite. Oidhche amháin do tháinig sé isteach chúcha agus d'fhiafhruig sé díobh a raibh aoinne breóite sa tig agus dúbhradar go raibh.
Ansan dubhairt sé gur dochtúir é féin agus go leighisfheadh sé Diarmuid ach go gcaithfhidís céad púnt do thabhairt do ar dtúis.
Ní raibh ach céad púnt acu ar fad agus do thug sé an chéad phúnt san do. Do tháinig ana áthas an an bhfear bocht mar cheap sé go leighisfí Diarmuid. Chuaidh an bachach go dtí Diarmuid agus thug sé luibh éigin do agus d'imthig sé leis agus nuair a tháinig an mhaidean do bhí Diarmuid tar-éis bháis.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85