Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an ceann de.
Do chuaidh sé abhaile agus d'innis sé dhoibh agus do bhí ana áthas ortha go léir nuair airigeadar é sin. Nuair a chuaidh na daoine Usaile isteach agus nuair a connaiceadar an rígh istigh agus é marbh do tháinigh eagla ortha agus do chuadar go dtí na píleirí agus d'innisdeadar dhoibh cad a thuit amach.
Níor creid na píléirí iad air dúis in-aon-chor go dtí go chuadar go dtí an tigh breagh agus do bhí siad air buille nuair a chonnaicheadar é agus do bhí an guna ann agus bhí shasna an ainim air.
Do chuadar go dtí shasna agus do chuaidh na daoine usaile leo agus sar a chuadar isteach go dtí an bád agus do chonnaicheadar duine eigin agus é go lé dairg le fuil.
Do ritheadar cuighe agus do rugadar air agus do thugadar leó é go dtí an príosún agus do fhiarradar do ar dhein sé é agus dúbhairt sé nár dhein agus do leogadar saor é agus do rith sé abhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loinghsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Díarmuid Ó Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 23
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí