Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ansan dúbhairt sí amáireach mar sin mar nílim-se ullamh fós. Ansan do shuidh sé síos agus d'imtig sé isteach agus do bhí an tig ag feuchaint go h-áluinn ar fadh.
Bhí an tig go breágh mór agus do bhí fuinneógha breághtha leis agus do thánadar anso go Baile Mhúirne agus do pósadh íad leis agus do bhí áthas ar gach aoinne i n-a thaobh san.
Ní raibh a fhios ag aoinne conus a fuair sí an fear breágh nuair a bhí sé cómh déanta suas san agus do cheap an bhean ná raibh sé in n-a tínncéir ach fear maith ab'eadh é leis.
Ó'n lá san amach do mhaireadar go sochair seasgair. Bhí beirt inghean acu agus bhíodar ana cómhódach ansan.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Luasaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí