Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 219
- XML “Murphy - Rahy”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
(gan teideal)
“Is mó sgéul innstear timcheall na háite seo mar gheall ar na fir láidre a bhí ann fadó.”
Is mó sgéul innstear timcheall na háite seo mar gheall ar na fir láidre a bhí ann fadó. Seo sgéul acu fadó timcheall 80 no 100 blian osoir, thagadh na daoine ogac áird go h aonach bhéil Átha buidhe agus bhíodh a lán comórtaisí nirt ann imeasc na bhfear. Bhí cloch mór i bpáirc an Aonaigh agus ní raibh duine ábalta í a árdú ón dtalamh idir lámhaibh ach aon duine amháin.
Protastúnach do beadh é sin. Nuair a dhein séan ghníomh seo tug sé an dubh-slán do aon "Papise", an ghníomh san a dhéinamh. Bhí seirbhrean ar na Caitilicigh agus chuarduigdear an dúthaigh feichaint an bhfaithidís fear a thógfadh an chloch. Sa deireadh fuaireadar fear mór láidir i gCúl Sneachtaigh in aice Dúnmaonmhuithe na raibh fhios a nirt aige, acht fear sgáchmhar dob eadh é, ná céigeadh amach acht go hanamh. Tháinig a chomarsain chuige aon oidhche amháin aguis chuireadar ar meisge no geall leis é agus thógadh ar leó é go páirc an aonaigh i lár na hoidhce. Thaisbheánadar an chloch dó agus thóg sé suas na bhaclainn í sa chead iarracht. Fuareadar cloch mór eile agus chuimeadar anuas ar an gcloich eile í agus thóg sé an dhá chloich gan trioblóid. Annsan, thógadar suas an dubh slán agus chuireadar sgeil go dtí an Protastúnach "Tyner"(leanann ar an chéad leathanach eile)