Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 258](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_258.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 258
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 258
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear dar b'ainm dhó Seán Ciotach in a chómhnuidhe in aice le Caol Choill nuair, le'n a mhnaoi. Bhí feirm beag aige agus bhí sé go beó bocht mar bhí ana dhúil san ól aige. Bhíodh seafaidí ar inníór aige ar cnoc agus nuair a dhíoladh sé iad d'óladh sé an chuid ba mhó de'n airgead. Bhí bean in a cómhnuidhe san áit ceadhna dar b'ainm dí Neans an Mhiannaig, agus bhí tig tábhairne aice. Is annsan a chaiteadh Seán a chuid ama.Lá amháin dhíol Seán seafaidí ar aonach in Innse Geimhleach agus an lá ina dhiaidh sin ní raibh fátha aige ach pinghinn. Chuaidh sé i dtreó tighe Neans agus úil aige go dtabharfadh duine éigin pinghinn eile dó, mar dá mbeadh dhá phinginn aige d'fhéadfadh sé deoch a cheannach. Ach bhuail bean uime agus í ar lorg déirce "Tabhair dom rud éigin ar son Dé, ar sise. Bhí truagh aige dí agus thug sé dí an phinghinn. Bhí sé ana bhuidheach dó, agus dubhairt sí go dtabharfadh sí sparáinín beag do mar buidheachas. "Coimeáfaidh sé do chuid airgid duit" ar sise. "Ní bheidh sé ag teastáíl uaim" arsa Seán "mar ní bheidh aon airgead agam go deó."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Luasa
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Muine Choscair, Co. Chorcaí