Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 260
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trí Béal Átha 'n Gaorthaidh. Bhí gabha annsan dar ab ainm dó Mangáin Fear mór láidir groidhe abeadh é. Isteach le Séan sa ceárdchain, agus ar seisean leis an ngahain "Tá mealbhóigín agam annso agam agus ní féidir liom é d'oscailt. An mbuailfeá é leis an órd cun é a bhriseadh dom má's é do thoil é?" "Buailfead gan amhras" arsan gabha agus chuir sé an mealbhoigín ar an inneon agus bhuail sé é ar a dhíceall, ach léim an t-órd dhe fé mar a léímfeadh liathróid peile ó'n dtalamh. Annsan chuir sé sa teine é ach bhí sé cómh fuar ag teacht amach as is abhí sé ag dul isteach. "Imthig as sin" arsan gabha "Ní foláir ná go bhfuil an diabhal ann"
"B'féidir go bhfuil" arsa Séan agus d'imthig sé leis
Ghluais sé leis ar an mbóthar a théigheann go Inse Geimhleach. Bhí fear ag briseadh cloch ar thaobh an bhóthair. D'iarr Séan air an mealbhóigín a bhriseadh ach theip air sin adhéanamh Chuir sé an ruaig ar Shéan mar dubhairt sé go raibh rud éigin olc ann
Lean Séan ar siubhal go dtáinig sé go Sráid a' Mhuilinn. Bhí túcaire annsan agus bhí muileann aige. D'iarr Séan air an mealbhóigín a chur thríd an mhuileann cun é abhriseadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Luasa
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Muine Choscair, Co. Chorcaí