Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toames, Maghcromtha
- XML Leathanach 268
- XML “An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé greim éigin crúaidh air. Dhein sé súas a aigne tosach a beith aige féin agus cúimhnig sé ar seift chun deire a chur le Seáinín. Maidin amáireac ghaibh sé amach agus ghearr sé dá chrann ana cháol agus ana fhada. Dhein sé dhá pholl, ciubhseach doimhin tímpeall le ceithre troigthe ó na chéile agus chuir sé na crainn (sporaí) na seasamh isteach ionta. Ansan chuir sé maidí [?] ortha mar bheadh dréimire mhór. Bhí an saghas dréimre seo tímpeall fiche troig ar áoirde. Annsan fuair sé téad mór fada agus chuir sé súil ruibe ar dheire an téid. Shocruigh sé an téad i dtreó go b'féadfadh sé rith go breág [?] tré [?] a bhí socruighthe fan [?] an dréimire agus i dtréo go raibh an súil ruibe ar bharr an dréimre. Annsan do labhair sé mar seo le Seáinín. "A Seáinín" Táimh ana bhuideach díot. Is tú an buachaill is féarr abhí ríamh fós agam agus inneosfad rud duit nár innseas ríomh fós do áoinne agus teasbánfad rudaí dhuit nár teasbánas ríamh fós d'áoinne. Tá saghas dréimire amuigh annso agam agus áoinne a raghad go bárr an dréimre agus chuirfhadh a cheann tríd an dtéad atá ar a bhárr chídhfeadh sé áon tír sa domhan gur mhaith leis a fheisgint nó áon chathair nó radharc gur mhaith leis a fheisgint" "O" arsa Seáinín "Táim ana bhuidheach díot thabharfainn an domhan go léir dá bféadfhainn B'lá Clíath d'fheisgint. Táim ana buidheach ar fad díot. An bféadfainn dul síos anois?" "Is féidir leat" ars an gadaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Laocha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Amhráin, Co. Chorcaí