Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Leathanach 334E
- XML “Linguistic - Proverbs, Rhymes, Riddles etc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Capall na h-oibre an biadh.Bíonn leacacha sleamhna i dtighthibh daoine uaisle.Na trí buillí atá ag congbháil Eireann : buille tuagh ar bhloc, buille úird ar inneón agus buille súiste ar lár.Ní [?]bhíonn saoi gan locht.Tugann fear léighinn leath-fhocal. Is leór nod don eólach.Is searbh an fhírinne.Fear gan namhad ní fiú mórán é. Ní mothóchadh duine trí chéad buille ar dhruma dhuine eile. Fásann níos mó i ngarraí ná mar chuirtear ann. Ná caith an t-uisce salach féin amach go mbeidh an t-uisce
glan istigh agat.Ní thagann ciall roimh aoisNí féidir ceann críonna a chur ar ghuailne óga.