Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Comharthaí Doininne.An cat do bheith 'na luighe cois teine.
An madra do bheith ag ithe féir.
Na ba a bheith ag imtheacht ar fuibín sa Gheimhreadh.
Péiríni a bheith ar an mbóthar.
Cuirmhíolta do bheith ag eitilt comhgarach don dtalamh.
Na fáinleóga a bheith ag eitilt comhgarach don dtalamh.
Na préacháin a bheith ag eitilt anonn is anall go tapaidh.
Éanlaithe fairrge do bheith istigh fán dtír.
Ceó bhóthair ag éirighe leis an ngaoith.
Ceó ar bhárr Mhullaigh Méise.
An deatach a bheith ag dul timcheall na cistineach in-ionad dul amach an simné.
Creill cluig an tSéipéil i mBeanntraighe a chloisint sa cheanntar seo.
Fothrom na traenach a chloisint annso.
An ghaoth a bheith ag séideadh aniar andeas.